Seanchas a shean athar mhóir, bhí eolas maith acu ar bheithigh in am a shean athar. Fear mór, láidir a bhí ann. Bhí sé breá ábalta leis na beithigh agus ba ghnách leis póitín a dhéanamh. Théadh sé timpeall na tíre á dhíol, á iompar ar an bheithíoch in ceaigeanna. Chaitheadh sé a bheith láidir leis na ceaigeanna a thógáil suas ar an bheithíoch.
Scéal faoin am a chur cúpla fear troid ar a shean athair mór, Ned ab ainm dó.
Scéal faoin am a bhítí ag goid a chuid coirce.
Chomh láidir a bhí Ned: Scéal faoin am a bádh Pádraig Ó Domhnaill ag teacht as an Bhun Beag.
Tá an chloch mhór a thóg sé ar leacht lena ainm air ag taobh Teach Sheáin Néill, Cloch Ned, thiar in Rann na Feirste. Bhí an chloch thíos ar an chládach ar dtús ach bhog siad suas í le tarrchóir agus tomhasadh í.
Bhí léir talaimh ag Ned mar gur é duine dena chéad daoine a shocair ar an bhaile. | 00:09:49 | |